Beirt ghasúr a bhí ina theaghlach agus d’imigh a dheartháir go Sasana nuair a bhí sé 18 bliana d’aois agus tá sé thall ó shin. Bhí sé sa bhaile tamall in 1971 nó 1972 agus sin an t-am a d’imigh Aodh é féin nuair a bhí cuidiú sa bhaile ag a mháthair, bhí eallaigh agus caoraigh acu. D’imigh sé go 1976 agus d’imigh a dheartháir arís. Chuaigh sé chuig fear a raibh aithne aige in Luton. Fuair sé obair ansin, bhí go leor ann. Bhí sé ag obair fríd Londain fosta, ag obair ar bhealaí móra agus ag tógáil casáin coise a bhí sé ar dtús. Bhí sé rud beag caillte ar dtús, bhí sé ag obair ar phá de £12 sa lá, thiocfadh leat 7 lá na seachtaine a fháil dá mbeifeá ag iarraidh. Bhí obair oíche ann fosta oíche Shatharn ar an iarnród faoi thalamh ag obair ar línte as Londain go bailte eile. | 00:05:17 | |